skip to main content

Baol tuilte i ndeisceart Chorcaí agus i bPort Láirge agus foláireamh aimsire buí fógartha ag Met Éireann

Baol tuilte i gCorcaigh agus Port Láirge
Baol tuilte i gCorcaigh agus Port Láirge

Tá an baol ann go mbeidh Corcaigh agus Port Láirge buailte ag tuilte anocht agus báisteach throm geallta ann, a deir Met Éireann.

Tá foláireamh aimsire buí fógartha ag Met Éireann do Chorcaigh ó 13:00 go dtí 08:00 maidin amárach agus do Phort Láirge ón 18:00 go dtí 12:00 amárach.

Deir Met Éireann go bhféadfadh sé go mbeidh tuilte in áiteanna áirithe de bharr na báistí.

Moltar do thiománaithe a bheith an-cúramach.