Gortaíodh 28 duine ar a laghad i München i ndeisceart na Gearmáine ar maidin nuair a tiománadh gluaisteán isteach i slua daoine.
Tá comhdháil slándála le bheith ar siúl sa chathair amárach agus Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe JD Vance agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le bheith i láthair.
Tuairiscítear go háitiúil gur gortaíodh 15 duine san eachtra.
Tharla an eachtra tuairim is 1.5 ciliméadar ón ionad in bhfuiltear leis an gcomhdháil slándála a reachtáil ann. Ní fios fós cén údar a bhí leis.
Deir na poilíní go bhfuil tiománaí an ghluaisteáin gafa acu agus deir siad go gcreideann siad nach bagairt atá ann níos mó.
Inniu, dúirt Sainsailéir na Gearmáine, Olaf Scholz más rud é gur ionsaí a bhí in eachtra na maidine go gcaithfear pionós a ghearradh ar an té a thug faoin ionsaí agus go gcaithfeadh sé an tír a fhágáil.
Deir na poilíní, gur fear óg ón Afganastáin atá san fhear a gabhadh agus a thiomáin isteach sa slua a bhí bailithe le chéile chun dul i mbun agóidíochta.