Tá litir scríofa ag ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald go dtí an Ceann Comhairle ag éileamh go ndéanfadh An Taoiseach ráiteas a thug sé sa Dáil as Gaeilge inné, ina líomhnaíonn ceannaire Shinn Féin go ndúirt sé go raibh sí ag 'insint bréige', a tharraingt siar.
Sa litir, séanann Mary Lou McDonald an méid a dúirt an Taoiseach go láidir, a deir sí.
Bhí sé ina raic sa Dáil inné nuair a cuireadh i leith an Taoisigh Micheál Martin gur bhain sé buntáiste as a laghad Gaeilge atá ag an gCeann Comhairle chun Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a mhaslú.
Maíonn Sinn Féin go ndúirt an Taoiseach go raibh Mary Lou McDonald ag insint bréige agus iad ag plé na géarchéime a bhaineann le cúrsaí tithíochta.
Tá iarrtha ag an gCeann Comhairle ar an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh ar an méid a dúirt sé sa Dáil inné.