Tá sé fógartha ag an gcomhlacht, Corrib Oil, go bhfuil siad le 1,200 post a chruthú idir seo agus 2030.
Tá sé i gceist ag an gcomhlacht fuinnimh cur le líon na stáisiún atá acu ar fud na tíre agus go mbeadh 100 stáisiún ar fad acu in Éirinn roimh 2030.
Faoi láthair, 38 stáisiúin pheitril atá ag Corrib Oil ar fud na tíre. Deir an comhlacht go bhfuil siad chun ceithre stáisiún peitril nua a thogáil i mbliana.
Beidh daoine in ann cur isteach ar rólanna éagsúla le Corrib Oil, ina measc, rólanna bainistíochta agus miondíola chomh maith le rólanna a bheidh ag plé leis an slabhra soláthair, cursaí lóistíochta agus rólanna a bheidh ag plé le cursaí tacaíochta i bpríomhoifig an chomhlachta.