Tá eolas nua curtha ar fáil ag an Ord Íosánach (Cumann Íosa) i dtaca le sagairt agus bráithreacha ón ord ar cuireadh drochúsáid ghnéasach leanaí ina leith.
Cúig dhuine dhéag atá i gceist agus tá siad ar fad básaithe.
Deir na hÍosánaigh go raibh ochtar den chúig dhuine dhéag fós ina mbeatha nuair a rinneadh gearáin orthu.
Deir siad leis gur cuireadh na líomhaintí ar fad faoi bhráid na n-údarás cuí, an Garda Síochána ina measc.
Tá ainmneacha na gcúig dhuine dhéag foilsithe ag na hÍosánaigh. Sin iad an tAthair Rupert Coyle (1896-1978); an tAthair Shaun Curran (1924-1999); an tAthair Brendan Kearney (1935-2014); an tAthair John T Kelly (1906-1977); an tAthair Patrick Kelly (1920-2012); an tAthair Kevin Laheen (1919-2019); an tAthair Henry (Harry) Lawlor (1911-1989); an tAthair John A (Jack) Leonard (1912-1992); an tAthair Finbarr Lynch (1933-2022); an tAthair Michael McGrath (1910-1989); an tAthair Oliver Joseph O'Brien (1920-1994); an Bráthair Edward O'Sullivan (1920-1996); an tAthair Diarmuid Ó Péicín (1916-2008); an Bráthair Douglas A Pill (1918-2003); agus an tAthair James Stephenson (1906-1979).
Cuireadh an t-eolas nua ar fáil tar éis do Ghrúpa Oibre Neamhspleách comhaid a bhaineann le hÍosánaigh atá básaithe a iniúchadh.
Ba é an tOrd Íosánach féin a bhunaigh an grúpa oibre sin anuraidh i bhfianaise ar nochtadh faoi mhí-iompar thriúr sagart ón ord san am a caitheadh.
Ghabh na hÍosánaigh leithscéal as faillí a dhéanamh ina gcuid dualgas agus as an scannal a fholú roimhe seo de ghrá a gclú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ