skip to main content

Cás Joe Drennan: achomharc le déanamh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

Maraíodh Joe Drennan nuair a leag gluaisteán é i Luimneach i nDeireadh Fómhair 2023
Maraíodh Joe Drennan nuair a leag gluaisteán é i Luimneach i nDeireadh Fómhair 2023

Deir muintir Joe Drennan nach maireann gur tugadh le fios dóibh ar maidin inniu go bhfuil an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an téarma príosúin a gearradh ar an té a mharaigh é.

Maraíodh Joe Drennan, mac léinn iriseoireachta 21 bliain d'aois, nuair a leag gluaisteán é i gcathair Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Dhá lá dhéag ó shin, gearradh sé bliana go leith príosúin ar Kieran Fogarty as tiomáint chontúirteach arbh é bás Joe Drennan a thoradh agus as gan teacht i gcabhair air ar láthair na tubaiste.

Gearradh ocht mbliana príosúin ar Kieran Fogarty an lá céanna as ionsaí lámhaigh a dhéanamh i Luimneach ceithre mhí roimhe sin.

Creideann muintir Drennan gur róbhog an phianbhreith a gearradh ar Kieran Fogarty, atá 21 bliain d'aois, mar gur go comhuaineach seachas i ndiaidh a chéile a chuirfeas sé an dá théarma príosúin isteach.

Fágann sin, dar leo, nach gcaithfidh sé oiread agus nóiméad sa phríosún as bás a mic.

D'impigh muintir Drennan ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc a dhéanamh in aghaidh na pianbhreithe agus bhunaigh siad feachtas chuige sin.

Thug siad le fios inniu gur ghlaoigh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí orthu ar maidin lena rá leo go ndéanfaí an t-achomharc.

Dúirt Marguerite Drennan, máthair Joe, gur toradh iontach ar an bhfeachtas a bhí ann agus dúirt go raibh an teaghlach an-sásta faoi.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ