skip to main content

Tithíocht: amhras caite ar bheartais is déanaí an Rialtais

'Ní mór don Stát a bheith níos rannpháirtí i dtithíocht a sholáthar' – Ivana Bacik
'Ní mór don Stát a bheith níos rannpháirtí i dtithíocht a sholáthar' – Ivana Bacik

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik gur ceist cearta sibhlalta don ghlúin seo is ea ceist na tithíochta agus chaith sí amhras ar bheartais is deireanaí an Rialtais chun dul i ngleic leis.

Tá sé socraithe ag an Rialtas liúntas nua cánach a thabhairt d'fhorbróirí agus táthar ag cuimhneamh freisin ar dheireadh a chur leis na srianta atá ar chíos i gceantair áirithe le súil borradh a chur faoin margadh tithíochta.

Dar le Ivana Bacik, áfach, níl aon fhianaise ann go mbeidh rath ar na beartais sin.

Ní mór don Stát a bheith níos rannpháirtí i dtithíocht a sholáthar mar gur ag an Stát amháin atá an acmhainn na costais éagsúla a sheasamh, arsa sí, agus mhol sí baint níos mó a bheith ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún leis an scéal.

Mhol Ivana Bacik freisin cosc a chur ar chíos a ardú a fhad is a bheadh dlús á chur leis an soláthar.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh sé tábhachtach go mbraithfeadh daoine a bhfuil áiteanna ar cíos acu, go mbraithfidís go raibh cosaint acu [ar ghuagáil an mhargaidh]. É sin in ainneoin na cainte ar dheireadh a chur le srianta ar chíos.

D'athdhearbhaigh an Taoiseach go raibh an Rialtas díríthe ar 50,000 áras cónaithe nua a thógáil in aghaidh na bliana, mar a gealladh, agus ar thalamh a chur ar fáil chuige sin, go háirithe talamh a forbraíodh cheana.

Os a choinne sin ar fad, dúirt Conor O'Connell ó Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta nach mór airgead idirnáisiúnta a mhealladh ar ais go hÉirinn chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta.

Creideann sé, a dúirt sé, nach bhfuil sé d'acmhainn ag an Stát as féin 50,000 áras cónaithe nua a thógáil in aghaidh na bliana.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ