skip to main content

Gaza: Iosrael ag bagairt gríosaí an athuair

Jabalia, Gaza, 11 Feabhra 2025
Jabalia, Gaza, 11 Feabhra 2025

Deir Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go bhfuil ordú tugtha aige d'fhórsaí míleata na tíre slógadh an athuair taobh istigh de Gaza agus mórthimpeall an limistéir Phalaistínigh agus é á mhaíomh aige go bhfuil an sos comhraic ansin á shárú ag Hamas.

Is iad na hIosraelaigh atá ag sárú choinníollacha na síthe, de réir Hamas, agus d'fhógair an eagraíocht sin arú inné nach saorfaidís aon duine eile de na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil in Gaza nó go réiteofaí an scéal.

Maíonn Hamas go bhfuil na hIosraelaigh ag marú daoine in Gaza i gcónaí agus go bhfuil siad ag cur bac ar sholáthairtí fóirithinte a theacht isteach san áit

I ráiteas físeáin a d'eisigh Benjamin Netanyahu aréir, thug sé neamhaird ar mhaíomh Hamas agus d'fhógair go gcuirfeadh Iosrael deireadh leis an sos comhraic mura scaoilfí saor "ár ngialla" faoin meán lae Dé Sathairn seo chugainn.

Is macalla é fógra sin Netanyahu ar an mbagairt a rinne Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump arú inné "ceann a scaoileadh le diabhail ifrinn" in Gaza mura bhfuasclófaí "gach duine de na gialla" faoin meán lae ar an Satharn.

Macalla seachas aithris ghlan ar bhagairt Trump ab ea a ndúirt Netanyahu mar nár thug sé le fios gur gach duine de na gialla a bhí ar intinn aige féin.

De réir ar socraíodh roimhe seo, tá triúr giall Iosraelach le scaoileadh saor ag Hamas an Satharn beag seo.

Tá thart ar 70 giall eile fós faoi choinneáil ag Hamas in Gaza agus bhí sé socraithe mar chuid den sos comhraic iad ar fad a shaoradh de réir a chéile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ