Cuimhní cinn le Séamus Ó Scanláin
Bhí mé óg soineanta tráth.
Cosamar cúpla mí caite agam ag feidhmiú mar iriseoir craolta i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath 4.
I bhfoisceacht scread asail don teach tabhairne cáiliúil sin, Paddy Cullens.
Bhí teaspach earraigh ann agus bhuail tart mé.
Sula dtosaítear i mbun breithiúnais orm bhí mé ar lá saor, agus an dara lá sna sála air faighte saor agam freisin.
Niorbh aon áit é Seomra Nuachta RTÉ don chloigeann tinn ná don phóit, cibé faoi phóca folmha.
Níl an saol athraithe puinn ó shin.
Ghiorraigh mé an bealach suas an bóthar i dtreo Dhroichead na Dothra.
Ag breith suas ar a 2 a chlog a bhí sé nuair a d'fhág mé an cosán agus chuaigh thar tairseach isteach.
Bhí ciúinas na reilige le brath san áit.
Ach bhí sé ansin romham, an seanlaoch é féin, dhá lámh ar a chromán aige, ag stánadh go haireach i mo threo mar a dhéanadh sé go minic sa bhfad a caitheadh agus a dhroim le Cnoc 16.
Shantaigh mé labhairt ach bhí an chaint bainte dhíom.
Bhí mé i bhfoisceacht 4 shlat don fhear a léirigh a chumas dom an chéad uair riamh agus gan an teilifís dubh agus bán den déanamh 'Bush' ach 3 mhí i gcoirnéal na cistine.
Briseadh mo chroí ar chloisteáil na bhfocal sin ón tráchtaire iomráiteach Micheál O'Hehir nuair a bhí an cic pionóis díreach tógtha ag gaiscíoch na Gaillimhe, Liam Sammon.
'He's saved it. He's saved it. Oh Paddy Cullen....'
Bhí mo chroí briste an tráthnóna fómhair sin i 1974, an Domhnach deiridh de Mheán Fómhair 1974.
Lá an 'All Ireland' go traidisiúnta go dtí gur athraigh an Pápa cúrsaí i 1979.
Ach ní raibh Pápa, Peadar ná Dia na glóire féin leis an gcraobh seo a cheilt ar na 'Dubs', 'Heffo's Army', 'the Jacks' nó pé ainm eile a thogair tú a thabhairt orthu.
Agus bhí lámh mhór ag Cullen sa mbua, a lámh chlé faoina bheith iomlán cruinn faoi mar gur í a stop an cic ó fhear as Cumann an Athar Uí Ghríofa nár chaill cic pionóis le cuimhne na ndaoine.
Tuigeadh domsa agus daoine nach mé san Iarthar go raibh craobh eile caillte ag Gaillimh, an 3ú ceann in imeacht 4 bliana.
Tugadh cic don bhosca mór teilifíse agus bhuail scanradh a croí mo mháthair nach bhfeicfeadh sí na 'Riordans' arís choíche, gan trácht ar 'Mart and Market'.
Bheadh sé 9 mbliana arís sula bhfeicfeadh peileadóirí an chontae s'againne an chéad lá mór eile.
Bhí teilifís daite ag muintir Uí Scanláin faoin tráth sin, den déanamh PYE a mhic-ó.
'Yes' a deirimse le Paddy Cullen, 'the dirty dozen'.
Tagairt a bhí anseo don chluiche callánach i bPáirc an Chrócaigh inar dibríodh triúr sa mbáisteach agus Ciarán Duff sa scairteadh gréine.
Chríochnaigh an dáréag fear a bhí fágtha ag na 'Dubs' le 01:10, agus an contae cois Coiribe taobh le 01:08 agus buailte arís.
'Ah no' a deir seanfhondúir na gcéadta cath peile, 'the dirty dozen were the clean ones, they remained on the field. Three wise men got sent off'.
'Smartass' a deirimse, cumhacht na cainte faighte ar ais agam.
Tháinig a scairt gháirí ar nós na toirní.
Faoin am a raibh an pionta tarraingte aige rinne sé cur síos dom ar an lá stairiúil i 1974, an bealach a dtáinig 'baitsiléaraí' Chiarraí aniar aduaidh orthu i 1975, an díoltas ag 'Heffo' an bhliain dar gcionn agus ansin bua cuimsitheach na 'Dubs' ar Ard Mhacha sa gcluiche craoibhe i 1977.
Las Paddy Moriarty cic pionóis go cúl na heangaí luath sa chluiche, mar fhreagra ar chúl míorúilteach Jimmy Keaveney, ach ba léir máistreacht na foirne faoi choimirce Tony Hanahoe ar an lá.
Cé gur bhuail Joe Kernan Paddy faoi dhó sa dara leath le cúil bhreátha, cuimhneofar i gcónaí ar an mbealach ar theangaigh fear an Bhalla Thuaidh leis an dara cic pionóis roimh dheireadh an chluiche.
Cheapfainn go raibh méaracha an fhir fós thrí lasadh agus Bonn na Croise Ceiltí á bhronnadh air ar Ardán Uí Ógáin, a thríú ceann in imeacht 4 bliana.
'Why couldn't I have saved the first penalty' a deir Paddy Cullen agus é ag breathnú in airde ar na grianghraif ar bhalla an tí ósta.
'You perfectionist' a deirimse.
'Nothing perfect about '78' a deir sé ansin.
Ní raibh sé i gceist agam é a tharraingt chuig láthair an uafáis ach ba é féin a labhair faoi.
Na 'Dubs' agus rith an ráis leo sa chéad fiche nóiméad.
'I was tempted to go up meself and try and score so that I wouldn't feel left out.That was our undoing' a deir sé.
Fágadh poill sna línte cúil agus thapaigh Ciarraí sin.
'Bang' cúl ó John Egan agus ansin Paddy bocht ag teacht amach go calma, ag piocadh na liathróide (glan ón talamh dar le Seamus Aldridge, an réiteoir) agus á pasáil chuig Robbie Kelleher.
Paddy ansin, a dhá lámh san aer, Robbie Kelleher bocht ag bronnadh na liathróide go humhal ar Mhikey Sheehy, agus ansin chonacthas Paddy ag rith go hingearach suas an scáileán 'Bush' agus an liathróid 'O'Neills' gaibhte isteach thar a mhullach.
'If Kelleher did that on the Stock Exchange' a deir Paddy, 'every investor would have a contract on his life'.
Tá a fhios againn uilig an chuid eile.
Bhí féith an ghrinn agus na daonnúlachta go láidir i Paddy Cullen agus fuair mé blaiseadh maith dó an tráthnóna sin.
Ní chuireann tú ach méid áirid aithne ar dhuine tríd an teilifís, cuma é daite nó dubh agus bán.
Cinnte chonacthas a chumas, bíodh sneachta ar an liathróid ag teacht anuas chuig a dhá chrúb nó teannadh íseal fúithi ag dul i dtreo an choirnéil.
Ach fuair mise tuiscint mhaith ar fhear a bhí lán le mioscas, spiorad agus thar aon ní eile, cairdeas.
Ainneoin sin uilig, níor bhuail mé isteach riamh ag an bhfear sa teach ósta ina dhiaidh sin.
Is dócha nár thuig mé cén seod a bhí casta orm go raibh sé ró-mhall.
Tá Paddy Cullen á adhlacadh na laethanta seo agus go dtuga Dia suaimhneas síoraí do fhear a thug an oiread don chluiche Gaelach.