Deir Bord Soláthair an Leictreachais go mbeidh an chumhacht ar ais anocht ag gach uile áitreabh sa tír a bhí fágtha dá huireasa tar éis Stoirm Éowyn.
768,000 áitreabh a bhí fágtha gan cumhacht leictreach an mhaidin i ndiaidh na stoirme, idir thithe, fheirmeacha, scoileanna agus ghnóthais.
Tá foláireamh tugtha don phobal a bheith san airdeall ar cháblaí beo atá crochta anuas i gcónaí nó a thit go talamh mar gheall ar an ngaoth mhór.
Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas gur íocadh €1.2 milliún i gcúnamh daonnúil go dtí seo le daoine atá thíos leis de bharr na stoirme.
5,700 íocaíocht de €210 ar an meán a bhí i gceist, a dúradh.
Is faoin Scéim Cúnaimh Dhaonnúil a lamháladh an t-airgead agus tá Sinn Féin ag iarraidh ar an Rialtas an scéim a leathnú agus gnóthais, cumainn spóirt, eagraíochtaí deonacha agus grúpaí pobail a áireamh ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ