skip to main content

Coinníoll nua cumtha ag Trump maidir leis an sos comhraic in Gaza

Donald Trump ag bagairt "ceann a scaoileadh le diabhail ifrinn" in Gaza
Donald Trump ag bagairt "ceann a scaoileadh le diabhail ifrinn" in Gaza

Tá sé bagartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump "ceann a scaoileadh le diabhail ifrinn" in Gaza mura scaoilfidh Hamas saor gach duine de na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil ann faoin meán lae Dé Sathairn seo chugainn.

D'fhógair Hamas inné nach saorfaidís tuilleadh giall mar a bhí beartaithe de bhrí, arsa siad, go raibh na hIosraelaigh ag sárú choinníollacha an tsosa comhraic.

Tá sé curtha i leith na nIosraelach ag Hamas go bhfuil siad ag marú daoine in Gaza i gcónaí agus go bhfuil siad ag cur bac ar sholáthairtí fóirithinte a theacht isteach san áit.

In ainneoin fhógra Trump faoi gach uile ghiall a scaoileadh saor faoin Satharn, is de réir a chéile a bhí sé socraithe iad a thabhairt ar láimh.

Ar a shon sin, is lasóg eile fós sa bharrach an coinníoll nua atá cumtha aige nach léir fós an múchfar in am é.

Mar le haisling Trump i leith chinniúint Gaza agus na Palaistinígh a dhíbirt as an limistéar, dúirt sé go bhféadfadh sé smachtbhannaí a ghearradh ar an Éigipt agus ar an Iordáin mura nglacfadh na tíortha sin leis na dídeanaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ