skip to main content

Gluaiseacht Hamas ag cur stad le gialla sa mbreis a scaoileadh saor i nGaza mar gheall ar shárú Iosrael ar an sos comhraic

Gasúir bheaga i nGaza inniu ag taisteal abhaile ó thuaidh tar éis d'Arm Iosrael tarraingt siar ó Chonair Netzarim a bhí tógtha i seilbh an Airm le súil Gaza a scoilteadh.
Gasúir bheaga i nGaza inniu ag taisteal abhaile ó thuaidh tar éis d'Arm Iosrael tarraingt siar ó Chonair Netzarim a bhí tógtha i seilbh an Airm le súil Gaza a scoilteadh.

Tá an Ghluaiseacht Palaistíneach Hamas tar éis fógairt go bhfuil stad curtha le aon ghialla sa mbreis a scaoileadh as géibheann i nGaza go bhfógrófar a mhalairt mar gheall ar an sárú ar an socrú faoin sos-cogaidh a deir siad atá ar bun ag Iosrael.

Tá Israel Katz, Aire Cosanta Iosrael, tar éis fógairt ó shin gurbh iad Hamas atá ag sárú an tsocraithe agus tá sé tar éis ordú don Arm iad féin a ullmhú go dtí an chéim is airde ar mhaithe le pobail de chuid Iosrael a chosaint.

Dúirt Abu Ubaida, urlabhraí míleata thar ceann Ghluaiseacht Hamas, go bhfuil Iosrael ag tarraingt na gcos ó haontaíodh an scíthe sealadach an 19ú Eanáir, go bhfuil Iosrael ag cur moill ar an gcead abhaile atá ag Palaistínigh go tuaisceart Ghaza, go bhfuil Iosrael ag díriu ar shibhélaigh go fóill le sliogáin airtléire agus le piléir gunnaí, agus go bhfuil bac á chur arís ag Iosrael ar ábhar fóirthinte agus faoisimh a cheadú isteach go Gaza.

Tá Palasitínigh maraithe ag Arm Iosrael le 3 seachainí ach tá an sos tar éis seasamh don chuid is mó.

Deir Abu Ubaida nach scaoilfear saor aon ghialla eile go gcomhlíonfaidh Iosrael an socrú atá déanta agus go gcúiteoidh siad an sárú atá déanta acu.

Bhí malartú eile beartaithe Dé Sathairn seo chugainn, gialla de chuid Iosrael le scaoileadh saor agus príosúnaigh de chuid na Palaistíne le scaoileadh as géibheann.

Go dtí seo tá 16 den 33 giall a bhí le fuascailt sa gcéad tréimhse 42 lá den socrú tar éis filleadh ar Iosrael.

Ina theannta sin scaoileadh saor gan choinne, gan aon mhalartú, cúigear saoránach de chuid na Téalainne a bhí coinnithe freisin ina ngialla le bliain agus ráithe.

Idir an dá linn tá Oifig an PhríomhAire Benjamin Netanyahu tar éis fios abhaile a chur ar an toscaireacht a bhí ag Iosrael sa gCatar, áit a raibh cainteanna eagraithe ag Catar agus ag an Éigipt le súil an chéad chéim eile den sos comhraic, tar éis na chéad 6 seachtainí, a aontú.

Tá an próiséas ina chíor thuathail ó d'fhógair Uachtarán nua-thofa Mheiriceá Donald Trump "an phlean" atá aige an ruaig a chur ar na Palaistínigh óna bhfód dúchais, ar mhaithe le oll-ionad laethanta saoire a dhéanamh de Ghaza, faoi cheannas na Stát Aontaithe.