skip to main content

Fear dhuine de mairbh i mbuama na hÓmaí gan misneach ná creideamh faoi chomhoibriú Rialtas na hÉireann leis an bhFiosrú

Philomena 'Mena' Skelton a maraíodh agus í ag ceannacht bróga scoile dá clann ar an Ómaigh 27 bliain ó shin.
Philomena 'Mena' Skelton a maraíodh agus í ag ceannacht bróga scoile dá clann ar an Ómaigh 27 bliain ó shin.

Tá fear céile dhuine de na daoine a maraíodh i mbuama na hÓmaí tar éis a rá nach bhfuil aon mhisneach aige as Rialtas na hÉireann agus nach gcreideann sé go mbeidh an Rialtas ag comhoibriú leis an bhfiosrúchán poiblí atá ar bun faoi réimeas na Ríochta Aontaithe.

Lá na buamála bhí Kevin Skelton ar an Ómaigh i gCo Thír Eoghain ag siopadóireacht lena bhean Philomena - Mena mar a tugadh uirthi - agus a dtriúr iníon.

Bhí sé sa siopa béal dorais leis an siopa ina raibh sise nuair a phléasc an buama.

San smionagar a tháinig sé ar a corp.

Gortaíodh na cailíní, Paula, Tracey agus Shauna.

D'inis Kevin Skelton don fhiosrúchán inniu in Ionad Ealaíona na Sruthla ar an Ómaigh go bhfaca sé rudaí an lá sin nár chóir d’éinne feiceáil, nithe nach ndéanfaidh sé dearmad go deo orthu.

"An boladh óna daoine a bhí ag dó. An screadaíl.

Níl mé inann éalú óna cuimhní.

Níor fhiafraigh aon nduine an lá sin ar Protastúnach nó Caitliceach a bhí ionat".

An 15ú Lúnasa 1998 tháinig fainic gutháin ón ngrúpa Poblachtach, an Fíor IRA, go raibh buama leagtha acu ag Teach na Cúirte ar an Ómaigh agus cuireadh daoine amach as an gceantar sin, síos Sráid an Mhargaidh, agus is ansiúd a phléasc an buama ollmhór - 500 punt meáchain - achar gearr dár gcionn.

Ní raibh Rialtas na hÉireann sásta fiosrú poiblí dá gcuid féin a bhunú, ach deir siad go dtabharfaidh siad comhoibriú iomlán don iniúchadh poiblí atá bunaithe ag Rialtas na Breataine.

"Níl uaimse ach an fhírinne" a dúirt Kevin Skelton inniu "agus ní chreidim Rialtas na hÉireann ná níl aon mhisneach agam astu."

"Cuireadh an buama le chéile ó dheas den teorainn, is ón deisceart iad an dream a rinne é, goideadh an carr ó dheas sular tiomáineadh trasna na teorann é.

Chuaigh na buachaillí siúd ó dheas arís nuair a bhí an beart déanta acu agus tá cuid acu fós ag siúl na sráideanna ó dheas.

Ní fheictear dhomsa go mbeidh an Rialtas ó dheas ag tacú leis an bhfiosrúchán seo, agus muna mbíonn, beidh sé gan mhaith."