"Ní raibh aithne roimhe seo ag na Gardaí" a deir an tAire Dlí agus Cirt ar an bhfear atá gafa i mBaile Átha Cliath faoi eachtra i gcomharsanacht Bhóthar na gCloch i lár na hardcathrach inné inar sáthadh triúr.
Ní raibh an fear atá faoi amhras ar thóir tearmainn ná ar thóir chosaint idirnáisiúnta, a deir an tAire Jim O’Callaghan chomh maith.
Deir an tAire go dtuigtear dó gur fear gan dídean atá gafa, de bhunú Mheiriceá Theas ó thús.
Thart ar a 3 a chlog tráthnóna a tharla na h-ionsaithe ar Bhóthar Bhaile na Lochlannach, ar Shráid Charn an Bhua agus ar Shráid Néill.
Tuairim is 25 bliain d’aois atá an té atá á cheistiú faoi ionsaí a déanadh ar thriúr fear, triúr atá idir 25 agus 45 bliain d’aois.
Mhol an tAire O'Callaghan go hard an Garda a chuir é féin i mbaol ar an láthair agus a bhain an scian den té atá faoi amhras sular ghabh sé é.
Marach é a dúirt an tAire bheadh an scéal i bhfad níos measa.
"Gearrtha go dona le scian" an cur síos a thug na Gardaí ar na gortuithe a d’fhulaing an triúr.
Tugadh chuig an ospidéal in otharcharr iad, áit a bhfuil beirt gortuithe go suntasach, ach gan iad i mbaol báis.
Tá an fear á choinneáil i mbeairic i mBÁC faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.