skip to main content

"Tógfaidh muide Gaza arís" a deir Netanyahu le Fox News

Tá cumas i moladh Donald Trump "gach rud i Gaza a athrú" a dúirt Benjamin Netanyahu le Fox News
Tá cumas i moladh Donald Trump "gach rud i Gaza a athrú" a dúirt Benjamin Netanyahu le Fox News

Tá sé ráite ag Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu go bhfuil Iosrael toilteanach Gaza a atógáil.

Bhí sé ag tagairt do mholadh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump a dúirt níos luaithe an tseachtain seo gur cheart do na Stáit Aontaithe seilbh a ghlacadh ar stráice Gaza agus an pobal ansin a ghlanadh amach as.

In agallamh le Fox News inné dúirt Netanyahu go measann sé gurb é moladh Trump an chéad smaoineadh úr atá cloiste aige le blianta agus "go bhfuil cumas ann gach rud i Gaza a athrú."

Dúirt Netanyahu go bhfuil Iosrael toilteanach "an jab a dhéanamh."

"Níl Trump ach ag rá go bhfuil sé ag iarraidh an geata a oscailt agus an rogha a thabhairt dóibh athlonnú go sealadach fhad is bheidh muid ag atógáil na háite go fisiciúil," a dúirt Netanyahu.

"Níor dhúirt Trump ariamh gur mhaith leis gurb iad trúpaí Mheiriceá a dhéanfadh an jab. Éist leis seo - déanfaidh muide an jab," a dúirt Netanyahu.