skip to main content

Iosrael tarraingte siar ó bhóthar a scoilt Gaza ina dhá chuid

Is i gceantar Netzarim i Gaza atá na pointí rochtana go léir idir tuaisceart agus deisceart an stráice.
Is i gceantar Netzarim i Gaza atá na pointí rochtana go léir idir tuaisceart agus deisceart an stráice.

Tá a gcuid saighdiúirí tarraingthe siar ag arm Iosrael ó bhealach a bhí ag gearradh stráice Gaza ina dhá chuid, a deir oifigeach de chuid Hamas.

De réir urlabhraí sinsearach Hamas, bhí arm Iosrael le bheith imithe as ceantar Netzarim de réir dhálaí an chomhaontaithe a rinneadh ar an 19 Eanáir.

Dúirt urlabhraí ón roinn gnóthaí baile atá faoi cheannas Hamas go bhfuil "Tá a gcuid bunáiteanna míleata bainte as a chéile ag fórsaí Iosrael agus a gcuid saighdiúirí uilig tarraingthe siar go hiomlán ó Chonair Netzarim ar bhóthar Salaheddin, rud a fhágann go bhfuil ar chumas feithiclí taisteal gan bhac sa dá threo."

Is i gceantar Netzarim atá na pointí rochtana go léir idir tuaisceart agus deisceart an stráice.

Thuairiscigh iriseoir ón áisíneachta nuachta AFP (Agence France Presse) atá i gceantar Netzarim, nach raibh saighdiúirí ar bith de chuid Iosrael sa cheantar ar maidin.

Chonaic iriseoirí carranna, busanna, trucail agus carranna asail ag taisteal bhóthar Salaheddin trasna Chonair Netzarim áit a mbíodh seicphointe ag arm Iosrael go dtí seo.

Dúirt oifigeach slándála de chuid Iosrael, nár mhian leis go n-ainmeofaí é, go raibh siad "ag réiteach chun an socrú sosa cogaidh a chur i bhfeidhm de réir threoirlínte na ceannasaíochta polaitiúla."