Tá an Seanadóir le Fine Gael Martin Conway éirithe as an pháirtí parlaiminteach de bharr eachtra inár gabhadh é as a bheith ar meisce.
I ráiteas a d'eisigh an Seanadóir as Co. an Chláir, dúirt sé gur gabhadh é i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath ar an 22 Eanáir as a bheith ar meisce "i ndiaidh taibléidí codlata agus deoch mheisciúil a chaitheamh."
"Gabhadh mé agus tugadh go Stáisiún Gardaí Shráid an Stórais mé sular scaoileadh saor cúpla uair níos déanaí mé gan aon chúis a chur i mo leith."
"Níor chuir mé an páirtí ar an eolas faoi."
Dúirt an Seanadóir gur mhian leis a leithscéal a ghabháil leis na baill den Gharda Síochána a raibh orthu plé leis an eachtra.
"Tá mé ag éirí as an pháirtí parlaiminteach. Tuigim go gcuirfear tús anois le próiseas smachtaithe," a dúirt sé.
Dúirt Fine Gael go bhfuil glactha acu lena leithscéal.
Toghadh Martin Conway ina sheanadóir ar an Phainéal Riaracháin an tseachtain seo caite agus bhí sé ina Sheanadóir le ceithre bliana déag roimhe sin.
I 2011, bhí sé ar an chéad bhall den Oireachtas a raibh lagú radhairc air.
Ar an chlár 'The Week in Politics’ ar RTÉ d’fháiltigh an tAire Talmhaíochta Martin Heydon roimh "chinneadh agus ráiteas tapa" Martin Conway.
Dúirt sé "gur ábhar díomá dó an scéal ach go mbítear ag súil le caighdeán ard ó pholaiteoirí Fhine Gael. Síníonn muid móid páirtí ina ngeallann muid cloí leis na caighdeáin seo agus an páirtí a chur ar an eolas i gcásanna mar seo."