skip to main content

Fear 29 bl. d'aois cúisithe i ndúnmharú a athar i Mullach Íde

Cuirtear i leith Stephane Benz (29 bl. d'aois) gur dhúnmharaigh sé a athair Url Benz i Mullach Íde inné.
Cuirtear i leith Stephane Benz (29 bl. d'aois) gur dhúnmharaigh sé a athair Url Benz i Mullach Íde inné.

Tugadh fear 29 bliain d'aois os comhair cúirte maidir le bás a athar i Mullach Íde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath inné.

Tugadh Stephane Benz a bhfuil seoladh aige i bPlásóg Gainsborough os comhair suí speisialta de Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath ag am lóin inniu.

Gabhadh inné é tar éis ionsai marfach ar Url Benz ag teach i bPlásóg Gainsborough thart ar a 8.30 maidin inné.

Bhásaigh Url Benz a bhí ina chuid seascaidí, ar an láthair.

Tá cuid de Phlásóg Gainsborough i Mullach Íde fós dúnta le ligean do na Gardaí leanacht dá bhfiosruithe

Thug an Bleachtaire Garda Alan Roche ó Stáisiún Gardaí Mhullach Íde le fios don chúirt nár fhreagair Stephane Benz é nuair a cúisíodh é i ndúnmharú a athar i Stáisiún na Cúlóige ar maidin.

Ní dhearnadh aon iarratas ar bhannaí de bharr gur cúis dúnmharfa atá i gceist.

Chuir an Breitheamh Máire Conneely Stephane Benz siar faoi choinneáil chuig príosún Chnoc na Seamar áit a dtiocfaidh sé os comhair cúirte arís Dé Céadaoine seo chugainn.

Cheadaigh an breitheamh iarratas ón dhlíodóir cosanta Michael O'Connor go ndéanfaí measúnú síciatrach ar a chliant.

Níor labhair Stephane Benz le linn na héisteachta.