skip to main content

An dornálaí John Cooney básaithe seachtain tar éis troda i mBéal Feirste

Tugadh John Cooney (28) chuig Ospidéal na Ríona i mBéal Feirste i ndiaidh na troda oíche Shathairn.
Tugadh John Cooney (28) chuig Ospidéal na Ríona i mBéal Feirste i ndiaidh na troda oíche Shathairn.

Tá an dornálaí John Cooney básaithe seachtain tar éis a throda in aghaidh Nathan Howells i mBéal Feirste Dé Sathairn seo caite.

Dhearbhaigh a fhoireann bainistíochta MHD Promotions anocht gur bhásaigh an fear 28 bliain d'aois san ospidéal tar éis a bheith faoi dhianchúram i ndiaidh na troda i Halla Uladh.

Stopadh an troid idir Cooney agus Nathan Howells na Breataine Bige sa naoú babhta agus tugadh chun an ospidéil é láithreach áit ar cuireadh obráid air nuair a tuigeadh go raibh rith fola air san inchinn.

Ba í sin an chéad troid aige ina fheachtas lena bhua mar churadh sár-chleitmheáchain na gCeilteach a chosaint.

Bhain sé an chraobh in aghaidh Liam Gaynor i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2023 ach b'éigean dó an cró dornálaíochta a fhágáil ar feadh bliana de bharr gortú láimhe. D'fhill sé arís i mí Dheireadh Fómhair agus fuair sé an ceann is fearr ar Tampela Maharusi.

Ba as Gaillimh do John Cooney

Dúirt MHD Promotions i ráiteas anocht gur mhian le tuismitheoirí John Cooney agus a pháirtí Emmaleen "buíochas a ghabháil leis an fhoireann in Ospidéal na Ríona i mBéal Feirste a d'oibrigh go dícheallach ag iarraidh a bheatha a shábháil" agus "le gach duine a ghuigh ar a shon agus a sheol teachtaireachtaí deamhéine chuige."

Ba as Gaillimh John Cooney nó The Kid mar a tugadh air i gciorcal na dornálaíochta. Rugadh i Londain é agus is i Manchain a bhíodh sé i mbun chuid traenála.