Tá an cailín beag a gortaíodh go dona in ionsaí sáite i gCearnóg Pharnell tar éis seasamh ar a cosa den chéad uair ó tharla an eachtra i 2023.
Ar an leathanach bailithe airgid GoFundMe a bunaíodh don chailín i ndiaidh an ionsaithe, dúirt a teaghlach go bhfuil dul chun cinn as cuimse déanta aici ó ligeadh 'na bhaile as an ospidéal í i mí na Samhna.
Bhí an cailín atá 6 bliana d'aois anois, ar dhuine de thriúr páistí a gortaíodh san eachtra scine taobh amuigh de Choláiste Mhuire i gCearnóg Pharnell ar an 23 Samhain 2023.
Chomh maith leis na leanaí, gortaíodh bean ina cuid tríochaidí a bhí ina cúramóir.
"Lá mór a bhí sa lá inné: sheas ár gcailín beag den chéad uair," a dúradh i dteachtaireacht ar an leathanach.
"Le cúnamh ó bheirt fhisiteiripeoirí, duine ar gach taobh di, chuir sí a cosa ar an talamh agus sheas sí. Dúirt na fisiteiripeoirí go raibh sí ag cur a meáchain ar a cosa - dea chomhartha. Tá dul chun cinn nach beag déanta aici freisin ina gluaiseachtaí láimhe agus sciatháin, ina muinéal agus i láidriú a droma.
Is mór an sásamh a bheith ina comhluadar gach lá. Tá díograis iomlán i gceist, fiú agus cabhair ar fáil, ach seo an rud a chaithfear a dhéanamh anois díreach.
Leanaimis ar aghaidh ag tornáil linn."
Tá fear 50 bliain d'aois os comhair na gcúirteanna faoi láthair maidir leis an ionsaí.
Cúisíodh Riad Bouchaker, nach bhfuil aon seoladh buan aige, in iarracht dúnmharfa ar an triúr páiste agus i ndíobháil thromchúiseach a dhéanamh don chúramóir.
Cuireadh a thriail siar i mí na Nollag de bharr nach bhfuil tuairisc síceolaí réitithe fós.