Tá an cuardach ag teach i gCo. na Mí mar chuid den bhfiosrúchán maidir le himeacht agus dúnmharú Elizabeth Clarke curtha ar athló.
Cuirfear tús arís leis maidin amárach - an tríú lá den chuardach.
Ní fhacthas Elizabeth Clarke, máthair beirt chlainne ó bhí 2013 ann nuair a bhí sí 24 bliain d'aois.
Bhí baill de Fhoireann Choireacht Thromchúiseach na Mí, agus de Bhiúró Náisiúnta Teicniúil na nGardaí ar an láthair inniu.
Rinneadh cuardach mion ar an taobh istigh den teach.
Tugadh isteach inneall tochailte leis an ghairdín cúil a chartadh agus chuir na Gardaí ceamara ladráin in airde san aer chun anailís a dhéanamh ar an chréafóg agus ar an talamh faoi dhromchla an ghairdín.
Tá fiosruithe leitheadacha déanta ag na Gardaí roimhe seo maidir le himeacht Elizabeth Clarke o chuaigh sí ar iarraidh óna teach san Uaimh i Samhain 2013.
Chomh maith le fiosruithe ó dhoras go doras, cuardaíodh tailte, canálacha agus aibhneacha mar chuid den gcuardach sin, ach ní fhacthas í le breis is 10 mbliana.
Inné d'fhógair na Gardaí go raibh sainiú nua déanta acu ar an bhfiosrúchán agus gur fiosrúchán dúnmharfa atá ar bun anois acu.
Tuigtear go bhféadfadh sé go mbeidh saineolas seandálaí dlíeolaíochta ag teastáil sa chuardach a mhairfidh roinnt laetha.