Tá sé curtha i leith Iosrael ag Hamas go bhfuil Iosrael tar éis sárú a dhéanamh ar an sos cogaidh atá i bhfeidhm ó 19 Eanáir. Tá moill curtha ag Hamas dá bharr, a deir siad, ar ainmneacha na ngiall atá le scaoileadh acu a chur ar fáil d'Iosrael.
Tá sé curtha i leith Iosrael ag Hamas gur chuir Iosrael moill ar na céadta leoraí, a raibh fóirithint á hiompar orthu isteach i nGaza. Deir Hamas nár ceadaíodh isteach ach codán beag de na pubaill agus de na tithe soghluaiste atá de dhíth ar na daoine a bhí aslonnaithe le linn an chogaidh, ach atá anois ag iarraidh filleadh ar a n-áit dhúchais.
"Léiríonn na moilleanna seo go bhfuil Iosrael ag déanamh mí-ionramhála ar an socrú a baineadh amach. Is ionann moill ar sheachadadh fóirithinte agus sárú ar an sos cogaidh ", a dúirt Hamas i ráiteas.
Deir COGAT, an áisíneacht mhíleata de chuid Iosrael atá ag déanamh maoirseachta ar sheachadadh fóirithinte i nGaza, nach bhfuil na líomhaintí atá déanta ag Hamas fíor. Deir COGAT freisin nach nglacfaidh Iosrael le haon sáraithe ar an gcomhaontú atá i bhfeidhm maidir le sos cogaidh.
an chogaidh, ach atá anois ag iarraidh filleadh ar a n-áit dhúchais
Cuireadh brú ar an sos cogaidh cheana féin an tseachtain seo, nuair a d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go raibh sé ag súil go nglacfadh Meiriceá smacht ar Stráice Gaza. Ach tá méadaithe ar an mbrú arís, i bhfianaise an easaontais is deireanaí seo idir Iosrael agus Hamas maidir le seachadadh fóirithinte agus ainmneacha na ngiall.
Glacfaidh Meirceá smacht ar Stráice Gaza agus déanfar na Pailistínigh ar fad a aslonnú go dtí
tír éigin eile
Thug an tUachtarán Trump le fios Dé Máirt go raibh sé ag iarraidh gach duine in Gaza a aslonnú go dtí an tríú tír, ar nós na hÉigipte nó na hIordáine, agus Stráice Gaza a chur faoi smacht na Stát Aontaithe. Dúirt sé go mbeadh sé i gceist aige ceantar álainn cois farraige a fhorbairt ansin, ar nós "Riviera an Mheánoirthir", mar a rinne sé cur síos air. Léirigh an ráiteas seo chomh leochailleach is atá an sos cogaidh a baineadh amach an mhí seo caite.