Tá laghdú le teacht ar an luasteorainn ar bhóithre áitiúla faoin tuath, mar chuid de stráitéis atá curtha i bhfeidhm ag an rialtas, féachaint le líon na mbásanna ar bhóithre na tíre a laghdú.
Bhí luasteorainn de 80 ciliméadar san uair i bhfeidhm ar bhóithre tuaithe go dtí seo, ach is é 60 ciliméadar san uair an luasteorainn orthu feasta.
Tá na mílte comhartha bóthair nua curtha in airde ar fud na tíre, chun an luasteorainn nua a léiriú.
Is iad na bóithre a dtosaíonn a dteideal leis an litir "L" na bóithre a mbeidh an luasteorainn nua i gceist leo. Bóithre tuaithe den chuid is mó atá iontu, mar shampla, Bóthar an L65518, ag Coilte Críocháin i gContae Mhaigh Eo agus Bóthar an L4202 i gCorcaigh.
Tá tuilleadh laghduithe le teacht i bhfeidhm amach anseo ar chineálacha bóithre difriúla.
Níos déanaí i mbliana, laghdófar an luasteorainn ar bhóithre uirbeacha, i lár bailte agus in eastáit tithíochta ó 50 ciliméadar san uair go dtí 30 ciliméadar san uair agus laghdófar an luasteorainn ar bhóithre náisiúnta den tarna grád ó 100 ciliméadar san uair go dtí 80 ciliméadar san uair.
Léiríodh in Athbhreithniú ar Luasteorainneacha, a bhí coimisiúnaithe ag an Roinn Iompair i 2023, go mbíonn sochair sabháilteachta ar laghduithe luasteorainneacha.
Idir 2020 agus 2024, bhain 73% de bhásanna ar bhóithre na tíre le heachtraí a tharla ar bhóithre tuaithe, agus an luasteorainn de 80 ciliméadar san uair i bhfeidhm orthu.