skip to main content

Tá fear, 24, faighte ciontach i ndúnorgain fir as Luimneach le linn ionsaithe i mBaile Chill Dara breis agus dhá bhliain ó shin

Calvin Dunne, a ciontaíodh inniu i ndúnorgain Dylan McCarthy i mBaile Chill Dara breis agus dhá bhliain ó shin
Calvin Dunne, a ciontaíodh inniu i ndúnorgain Dylan McCarthy i mBaile Chill Dara breis agus dhá bhliain ó shin

Tá fear, 24 bliain d'aois, faighte ciontach i ndúnorgain fir as Luimneach le linn ionsaithe i mBaile Chill Dara breis agus dhá bhliain ó shin.

Fuair Dylan McCarthy bás i ndiaidh do Calvin Dunne ó Mhainistir Eimhín ionsaí a dhéanamh air taobh amuigh de theach tábhairne ar an mbaile i mí Iúil 2022. Tugadh buillí do Dylan McCarthy sa chloigeann agus ciceáladh é go talamh. Fuarthas Calvin Dunne neamhchiontach i ndúnmharú, ach thug an giúire breithiúnas móraimh dúnorgana.

Ciontaíodh Calvin Dunne freisin i mí-ord foréigeanach d’aon ghuth.

Dylan McCarthy

Bhí fianaise tugtha ag Calvin Dunne go ndeachaigh sé isteach sa troid lena chara a chosaint. Bhí baint ag Dylan McCarthy le heachtra fhoréigeanach ní ba luaithe an oíche sin agus caitheadh amach as an tigh tábhairne é dá bharr. Dúirt Calvin Dunne go raibh sé féin agus a chara ag siúl thar an tigh tábhairne nuair a tháinig Dylan McCarthy agus a athair amach ar an tsráid.

Bhí ordú tugtha ag an mBreitheamh le linn na trialach Calvin Dunne a fháil neamhchiontach i ndúnmharú. Phléadáil Calvin Dunne ciontach i ndíobháil a dhéanamh do Dylan McCarthy agus dá athair, ach chiontaigh móramh an ghiúire (10-2) é i ndúnorgain mar gur thug sé faoi Dylan McCarthy le lámh láidir míréasúnta.