Tá fear sna daichidí ar baineadh drochghortuithe dó in ionsaí i mBaile Átha Cliath thar an deireadh seachtaine tar éis bás a fháil.
Ionsaíodh an fear ag teach tábhairne i gCluain Saileach go gairid i ndiaidh 11pm oíche Dé Domhnaigh. Tugadh an fear go dtí Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, áit a bhfuair sé bás aréir.
Gabhadh fear sna fichidí maidir leis an eachtra agus bhí sé os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir Dé Máirt.
Nuair a ionsaíodh an t-íospartach, thug oibrí sláinte - nach raibh ar dualgas - cúnamh leighis dó ar an láthair. Tá na Gardaí ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an duine sin agus iarrtar air teagmháil a dhéanamh leo.
Tá siad ag iarraidh labhairt freisin le daoine a bhí thart timpeall Bhóthair Chluain Saileach oíche Dé Domhnaigh agus a bhfuil ábhar daischeamara acu.
Is féidir le haon duine a bhfuil aon eolas aige faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leo ag stáisiún na nGardaí i mBaile Bhlainséir nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111.