Maraíodh fear sna daichidí i dtionóisc bhóthair i gCo Mhaigh Eo ar maidin inniu.
Deir na Gardaí gur imigh an gluaisteán a bhí an fear a thiomáint den bhóthar i mBaile Chruaich, Cathair na Mart, ag thart ar 10 a chlog ar maidin agus gur bhásaigh sé ar an mball.
Ní raibh aon duine eile sa ghluaisteán.
Dúnadh bóthar an N59 idir an Mhala Raithní agus Baingear a fhad is a bhí láthair na timpiste á scrúdú ag na Gardaí.
Aon duine a chonaic ar tharla nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile, tá na Gardaí i gCathair na Mart ag achainí orthu teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.
Fágann an tragóid is deireanaí gur maraíodh sé dhuine dhéag i dtimpistí bóthair sa Stát ó thús na bliana.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ