skip to main content

Amhras caite ar aisling Trump ag Rúnaí Stáit Mheiriceá

Marco Rubio, Rúnaí Stáit Mheiriceá
Marco Rubio, Rúnaí Stáit Mheiriceá

Tá amhras caite ag Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio ar aisling gháifeach an Uachtaráin Donald Trump maidir le cinniúint Gaza.

Taibhríodh do Trump na Palaistínigh a dhíbirt as Gaza go buan agus sórt parthais a dhéanamh den áit le haghaidh "an phobail idirnáisiúnta", mar a dúirt sé.

Bhí meacan na himní san fhonóid a rinneadh ar fud an domhain inné faoi chaint Trump agus mheabhraigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres dó go raibh cinedhíbirt, nó glanadh eitneach, in aghaidh an dlí idirnáisiúnta.

Dar le Marco Rubio nach le teann naimhdis a rinne Trump an moladh ach a mhalairt.

Tairiscint fhial a bhí ann, arsa sé, Gaza a atógáil ó bhonn agus thug le fios nach raibh sé i gceist Palaistínigh a aslonnú go buan.

Ní hin deireadh leis an ngáifeachas, ámh, arae tá sé molta ó shin ag aire cosanta Iosrael, Israel Katz, Palaistínigh a sheoladh go hÉirinn agus go tíortha eile a chuireann in aghaidh fhorneart na nIosraelach in Gaza.

Israel Katz

Dúirt Israel Katz go raibh "oibleagáid dhlíthiúil" ar Éirinn, an Iorua agus an Spáinn glacadh le Palaistínigh Gaza.

Rud eile de, tá ordú tugtha ag Israel Katz d'arm Iosrael plean a dhréachtú le Palaistínigh a dhíbirt "go deonach" as Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ