Bhí bigil ar siúl i Luimneach inniu le tacú le muintir Joe Drennan, mac léinn iriseoireachta 21 bliain d'aois a maraíodh nuair a leag gluaisteán é sa chathair sin i mí Dheireadh Fómhair 2023.
An tseachtain seo caite, gearradh sé bliana go leith príosúin ar fhear óg, Kieran Fogarty, as tiomáint chontúirteach arbh é bás Joe Drennan a thoradh agus as gan teacht i gcabhair air ar láthair na tubaiste.
Gearradh ocht mbliana príosúin ar Kieran Fogarty an lá céanna as ionsaí lámhaigh a dhéanamh i Luimneach ceithre mhí roimhe sin.
Bhí sé saor faoi bhannaí an uair úd agus an uair a leag sé Joe Drennan.
Creideann muintir Drennan gur róbhog an phianbhreith a gearradh ar Kieran Fogarty, atá 21 bliain d'aois, mar gur go comhuaineach seachas i ndiaidh a chéile a chuirfeas sé an dá théarma príosúin isteach.
Fágann sin, dar leo, nach gcaithfidh sé oiread agus nóiméad sa phríosún as bás a mic.
Tá muintir Drennan ag impí ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc a dhéanamh in aghaidh na pianbhreithe agus tá feachtas bunaithe acu chuige sin.
Cuid den fheachtas sin an bhigil a bhí ar siúl in Ollscoil Luimnigh inniu.
Comhscoláirí le Joe a bhí ag obair ag in éindí leis i nuachtán an Limerick Voice, ba iad a d'eagraigh an bhigil.
Ba as Maighean Rátha i gCo Laoise Joe agus tháinig a thuismitheoirí, Tim agus Marguerite Drennan, go Luimneach inniu le páirt a ghlacadh sa bhigil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ