Mhaígh an Teachta Dála Malcolm Byrne ó Fhianna Fáil go mba dhearmad ag an Rialtas é a mhaíomh go dtógfaí 40,000 áras cónaithe nua in 2024 agus dúirt nár le cealg ná mailís a rinneadh é.
Tá conspóid tarraingthe ag an neamhréir idir ghealltanais an Rialtais agus na figiúirí oifigiúla a foilsíodh an mhí seo caite.
De réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, tógadh 30,330 áras cónaithe sa Stát in 2024 seachas an 40,000 a gheall an Rialtas.
I mí Iúil seo caite, dúirt an Taoiseach ag an am, Simon Harris, go mbeadh 40,000 áras cónaithe tógtha faoi dheireadh na bliana.
I mí Dheireadh Fómhair, dúirt an tAire Tithíochta ag an am, Darragh O'Brien, i nDáil Éireann gur chreid sé féin gur os cionn 40,000 áras cónaithe a thógfaí.
Dúirt Malcolm Byrne inniu cé go ndeachaigh an t-iarRialtas amú sna figiúirí go raibh tús áite tugtha do cheist na tithíochta ar chlár oibre an Rialtais nua.
Os a choinne sin, dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin, nár leor ar chor ar bith an líon áras cónaithe a raibh sé beartaithe ag an Rialtas a thógáil as seo go ceann roinnt blianta.
Níl sé leis féin sa mhéid sin, arsa sé, ó tá sé ráite ag an gCoimisiún Tithíochta a bhunaigh an Rialtas go raibh i bhfad níos mó tithe ag teastáil.
Mhaígh Eoin Ó Broin go raibh neamhshuim déanta ag an Rialtas den tuarascáil a d'fhoilsigh an Coimisiún Tithíochta anuraidh agus dúirt nach raibh a raibh ann curtha san áireamh i gClár an Rialtais.
Meastar go bhfuil thart ar 60,000 áras cónaithe nua ag teastáil gach bliain le freastal ar an riachtanas atá ann faoi láthair agus a bheas ann go ceann deich mbliana eile ar an gcuid is lú de.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ