Mhaígh an Teachta Dála as Maigh Eo, Rose Conway-Walsh ó Shinn Féin, gur bhásaigh fear ina dáilcheantar nuair a chlis an trealamh leighis a raibh sé ag brath air i rith Stoirm Éowyn.
Ag labhairt di sa Dáil, dúirt Rose Conway-Walsh gur ó mhac an té a cailleadh a fuair sí an drochscéala.
Sula bhfuair sí an scéala, a dúirt sí, bhí faitíos an domhain uirthi go bhfaigheadh duine éigin bás mar gheall ar an ngearradh cumhachta.
Fíoraíodh ar mhothaigh sí, arsa sí, nuair a ghlaoigh an mac uirthi lena rá léi gur bhásaigh a athair nuair a chlis an tocht speisialta agus an gléas aipnia chodlata bhí aige, chomh maith le trealamh tábhachtach eile.
Dúirt Rose Conway-Walsh gur léirigh an tragóid a théirimí atá cúrsaí [agus 18,000 áitreabh gan cumhacht leictreach i gcónaí].
Níos túisce inniu, tharraing ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik aird ar na deacrachtaí a chothaigh an gearradh cumhachta do dhaoine ar fud na tíre.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ