skip to main content

'Coirp á bhfaire le solas coinnle mar gheall ar stoirm' – Bacik

18,000 áiteabh gan cumhacht leictreach i gcónaí
18,000 áiteabh gan cumhacht leictreach i gcónaí

I nDáil Éireann, mhaígh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik go mb'éigean coirp a fhaire le solas coinnle in áiteanna áirithe sa tír mar gheall ar an ngearradh cumhachta a bhí ann de thoradh Stoirm Éowyn.

Is mór an náire go bhfuil 18,000 teach, feirm agus gnóthas gan cumhacht leictreach i gcónaí agus nach mbeidh sé ar ais ag cuid acu go dtí an deireadh seachtaine seo chugainn, arsa Ivana Bacik.

Dúirt sí freisin nach bhfuil daoine in acmhainn na costais a bhaineann le hobair dheisiúcháin a sheasamh agus cháin sí plean Bhord Soláthair an Leictreachais táillí a ardú mar gheall ar mhéid an scriosta a rinne an stoirm.

D'fhiafraigh sí den Taoiseach Micheál Martin an raibh sé i gceist ag an Rialtas tacaíochtaí breise a chur ar fáil do na daoine is mó atá thíos leis.

Ina fhreagra, dúirt Micheál Martin go raibh dlús curtha aige le plean an Rialtais líonra leictreachais an Stáit a uasghrádú agus a threisiú le go mbeadh sé in acmhainn ar a leithéid de stoirm arís.

Dúirt sé freisin nach raibh sé sásúil nach raibh gineadóirí ag Uisce Éireann i gach áit a raibh siad ag teastáil agus gheall sé nach dtarlódh a leithéid arís.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ