skip to main content

Luach €14 milliún i lear mór cócaoin a fuair Gardaí inné

Cuid de na drugaí a fuair na Gardaí inné
Cuid de na drugaí a fuair na Gardaí inné

Tá triúr fear fós á gceistiú ag na Gardaí maidir le lear mór drugaí a fuarthas i Móinteach Mílic i gCo Laoise agus in áiteanna eile inné.

Fuair na Gardaí 182 cileagram de chócaon agus ceithre chileagram de channabas luibhe in áitreabh tráchtála i Móinteach Mílic agus in áiteanna eile sa cheantar sin.

Go gairid ina dhiaidh sin, fuair siad 17 cileagram de chócaon agus €25,000 in airgead tirim nuair a chuardaigh siad roinnt ionad in iarthar Bhaile Átha Cliath.

Thóg na Gardaí ocht bhfeithicil agus trealamh drugaí chomh maith.

Meastar luach €14 milliún a bheith sna drugaí ar fad le chéile a bhfuil anailís le déanamh orthu ag saotharlann fóiréinseolaíochta an Stáit.

Buille mór ar bhuíon mhangairí cócaoin agus cnagchócaoin atá lonnaithe in iarthar Bhaile Átha Cliath na drugaí a bheith tógtha, a deir na Gardaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ