Tá taraifí gearrtha ag an tSín ar earraí ó na Stáit Aontaithe mar bhuille ar an mbuille tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraifí breise de 10% a ghearradh ar earraí ón tSín.
Maíonn Donald Trump gur pionós atá sna taraifí as na drugaí mídhleathacha a deir sé a thugtar isteach sna Stáit Aontaithe ón tSín, go háirithe feantainil.
Ní i bpáirt mhaitheasa a glacadh leis an mbeart agus a thúisce a chuir na Meiriceánaigh na taraifí i bhfeidhm ag an meán oíche aréir, d'fhógair na Sínigh go ngearrfaidís féin dleacht de 15% ar ghual agus ar ghás nádúrtha leachtaithe ó na Stáit Aontaithe agus dleacht de 10% ar amhola, ar threalamh feirme agus ar roinnt feithiclí ón tír sin.
Tiocfaidh feidhm le taraifí sin na Síneach Dé Luain seo chugainn.
Chomh maith leis na taraifí, d'fhógair Rialtas na Síne go raibh siad le fiosrúchán oifigiúil a bhunú faoin monaplacht ar líne a deirtear atá ag Google, ar leis an gcomhlacht Meiriceánach Alphabet é.
Fógraíodh freisin go rabhthas le srianta a chur le mianraí áirithe a easpórtáil ón tSín feasta, mar atá, tungstan, teallúiriam, molaibdéineam, biosmat agus indiam.
Tá na mianraí sin tearc ach táthar taobh leo chun fuinneamh glan a fhorbairt.
Inné, d'fhógair Donald Trump go raibh na taraifí de 25% a bhí le gearradh aige ó inniu ar Mheicsiceo agus ar Cheanada, go raibh siad curtha ar athló aige go ceann míosa.
Tuairiscíodh gur tháinig sé féin agus ceannairí an dá thír eile sin ar chomhaontú faoi cheisteanna a bhaineann leis na teorainneacha eatarthu.
Tuairisicítear inniu go bhfuil Donald Trump agus Uachtaran na Síne Xi Jinping le labhairt le chéile níos deireanaí an tseachtain seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ