Tá thart ar 25,000 áitreabh gan cumhacht leictreach i gcónaí san iarthar, san iarthuaisceart agus i lár tíre dhá lá dhéag ó shéid an ghaoth mhór.
Deir Bord Soláthair an Leictreachais go bhfuil siad dóchasach go mbeidh an chumhacht ar ais ag formhór na gcustaiméirí sin faoi dheireadh na seachtaine seo nó go gairid ina dhiaidh.
Is iad Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin agus Liatroim na háiteanna is measa atá buailte agus tá roinnt daoine gan chumhacht freisin sa Chabhán, sa Longfort, i Sligeach, i Muineachán agus i nDún na nGall.
Tá 3,000 teicneoir ar a ndícheall ag iarraidh an chumhacht a thabhairt ar ais sna háiteanna sin, teicneoirí ón Tuaisceart, ón mBreatain agus ó Mhór-roinn na hEorpa ina measc.
768,000 áitreabh san iomlán a bhí fágtha gan chumhacht an mhaidin i ndiaidh na stoirme agus tá sé tugtha le fios ag Bord Soláthair an Leictreachais go n-ardóidh táillí san am le teacht mar gheall ar mhéid an scriosta a rinne an stoirm.
Gan aibhléis a bhac, deir an Grúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta go bhfuil 400 áitreabh gan soláthar uisce i gcónaí de bharr na stoirme.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ