Tá na taraifí a bhí le gearradh ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ar Mheicsiceo ó amárach curtha ar athló aige go ceann míosa tar éis don dá thír teacht ar chomhaontú faoi cheisteanna a bhaineann leis an teorainn eatarthu.
Tá Rialtas Mheicsiceo le 10,000 garda náisiúnta a chur ar dualgas ar a dtaobh féin den teorainn chun dul i ngleic le gáinneáil ar dhrugaí aneas, go háirithe feantainil, agus tá Rialtas Mheiriceá chun tuilleadh a dhéanamh le stop a chur le gáinneáil ar ghunnaí ardchumhachta aduaidh.
Bhí taraifí de 25% le gearradh ag Donald Trump ar earraí as Meicsiceo amárach ach tháinig sé féin agus Uachtarán Mheicsiceo Claudia Sheinbaum ar chomhaontú nuair a labhair siad le chéile ar an teileafón níos luaithe inniu.
I ráiteas a d'fhoilsigh sé ar na meáin shóisialta ó shin, dúirt an tUachtarán Trump go mbeadh an dá thír ag plé na ceiste go rialta idir seo agus deireadh na míosa le súil tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.
Thug sé le fios sa ráiteas céanna gur labhair sé ar an teileafón inniu chomh maith le Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau agus dúirt go raibh rún aige labhairt leis arís faoi dheireadh an lae.
Mar atá cúrsaí faoi láthair, tá taraifí de 25% fós le gearradh ag Donald Trump ar earraí as Ceanada ó amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ