skip to main content

Fear a ionsaíodh i mBaile Átha Cliath aréir go han-dona tinn

Is iad na Gardaí i mBaile Bhlainséir atá ag fiosrú an ionsaithe
Is iad na Gardaí i mBaile Bhlainséir atá ag fiosrú an ionsaithe

Gortaíodh fear sna daichidí go han-dona nuair a ionsaíodh é taobh amuigh de theach tábhairne i gCluain Saileach i mBaile Átha Cliath aréir.

I gcarrchlós an tí tábhairne ar Bhóthar Chluain Saileach ag thart ar 11 a chlog aréir a tharla an t-ionsaí.

Tugadh an fear chuig Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, áit a ndeirtear go bhfuil fíor-dhrochbhail air.

Tá fear sna fichidí gafa agus á cheistiú ag na Gardaí faoin ionsaí.

Is iad na Gardaí i mBaile Bhlainséir atá ag fiosrú an ionsaithe agus tá siad ag achainí ar aon duine a bhí i gceantar Bhóthar Chluain Saileach ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe tiománaithe a mbeadh íomhánna ó cheamara deaise acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ