Beidh cruinniú ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu le hUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump in Washington amárach leis an sos comhraic in Gaza agus gnóthaí eile an Mheánoirthir a phlé.
Dúirt Benjamin Netanyahu go raibh cruth iomlán nua curtha ag na hIosraelaigh ar gheopholaitíocht an Mheánoirthir agus ar chóimheá na cumhachta ann le gairid, agus thug le fios go raibh rún aige an t-iarann a bhualadh a fhad is a bhí sé dearg i gcomhar le Donald Trump.
Is cosúil gurb é atá ar intinn aige moladh Donald Trump Palaistíngh Gaza a aslonnú go dtí an Éigipt agus an Iordáin a chur i bhfeidhm luath nó mall; an Bruach Thiar a chreimeadh de réir a chéile agus an t-anam a chuachadh as an bpobal ansin, mar a rinneadh in Gaza; agus an Iaráin a lagú tuilleadh.
Go deimhin, níor thúisce an sos comhraic in Gaza curtha i bhfeidhm ná thug fórsaí míleata Iosrael aghaidh ar an mBruach Thiar.
Tuairiscítear go bhfuil na scórtha Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh sa Bhruach Thiar le coicís, leanaí ina measc.
Gortaíodh na dosaein, gabhadh go leor agus leagadh foirgnimh i mbaile Jenin i dtuaisceart an Bhruaigh Thiar le roinnt laethanta.
Tuairiscítear freisin go bhfuil 15,000 curtha as a mbailte ansin ag forneart na nIosraelach.
Deir na hIosraelaigh gur dírithe ar "infreastruchtúr sceimhlitheoirí" atá na hionsaithe atá siad a dhéanamh ar an gcampa teifeach in Jenin.
Níl sé soiléir cén dearcadh go baileach atá ag Donald Trump ar a bhfuil ar bun ag na hIosraelaigh sa Bhruach Thiar, nó an choimhlint nó síocháin sa Mheánoirthear atá uaidh.
Tar éis go ndeir Donald Trump go minic go dtacaíonn sé go hiomlán leis na hIosraelaigh, tá sé maíte aige gurbh é féin a chuir ina luí orthu glacadh le sos comhraic in Gaza.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ