skip to main content

Urghaire á lorg ag Nikita Hand le foilsiú físeáin a chosc

Tá dlíodóirí Nikita Hand ag lorg urghaire cúirte le Conor McGregor a chosc ó fhíseáin CCTV, a taispeánadh i rith triail shibhialta cúirte, a fhoilsiú nó a scaipeadh.

Fuair giúiré sa triail shibhialta mí na Samhna go ndearna Conor McGregor éigniú ar Nikita Hand in Óstán an Beacon i mBaile Átha Cliath an 9 Nollaig 2018, agus bronnadh nach mór €250,000 uirthi i ndamáistí.

Bhí an cás le bheith ar ais sa chúirt Déardaoin nuair bhí an Breitheamh Alexander Owens le ceist na gcostaisí a shocrú agus plé le hábhar a chuir Conor McGregor ar mheáin shóisialta tar éis an chás bheith críochnaithe.

Ach inniu, dúirt abhcóide Nikita Hand, go raibh sí ag lorg cead urghaire a lorg.

Chonaic an giúiré fiseáin i rith na trialach, a thaispeáin Nikita Hand, Conor McGregor agus a gcairde Danielle Kealy agus James Lawrence i gcarrchlós Óstán an Beacon agus san ardaitheoir ag amanta difriúla an 9 Nollaig 2018.

Chonaic an giúiré na físeáin roinnt uaireanta.

Dúradh i gcáipéisí ó fhoireann dlí Nikita Hand go raibh altanna sa Sunday Independent agus sa Sunday World an 5 Eanáir inar mhaigh comhghleacaí gnó Iodálach de chuid McGregor go bhfoilseofaí na físeáin go luath.

Dúirt a dlíodóir, David Coleman go ndúirt an fear gnó Gariel Ernesto Rapisarda é seo chun díol na ndeochanna meisciúla ó chomhlacht McGregor a mhéadú san Iodáil.

Dúradh leis an gcúirt gur díspeagadh cúirte a bhí a mhaíomh seo agus nach raibh de sprioc aige ach an bonn a bhaint de bhreith an ghiuiré agus airgead a thuilleamh as.

Thug an Breitheamh cead fógra an urghaire a sheirbheáil ar dhlíodóirí McGregor, agus beidh an cheist seo agus ceisteanna eile os comhair na Cúirte arís Déardaoin,

D'ordaigh an Breitheamh Owens do Conor McGregor costaisí na trialach sibhialta a íoc, ach chuir siar an cás go dtí an 16 Eanáir, tar éis do dhlíodóirí McGregor a rá gurbh é ba dhóicí go mbeadh achomharc ann.

Shéan Conor McGregor agus a chara James Lawrence na liamhaintí gnéis ina n-aghaidh agus mhaigh gur ghnéas chomhthoiliúil a bhí acu le Nikita Hand.

Fuair an giúiré nár éignigh James Lawrence í.