skip to main content

Eolas faoin Easóg Éireannach á lorg ag taighdeoirí

An Easóg Éireannach (Pic: D Breen)
An Easóg Éireannach (Pic: D Breen)

Tá taighdeoirí fiadhúlra ag achainí ar an bpobal cuidiú leo cur leis an eolas atá acu ar líon na nEasóg Éireannach Mustela erminea hibernica atá sa tír seo.

Tugtar 'an cailín uasal' nó 'an bheainín uasal' ar an Easóg Éireannach leis.

Fospeiceas den Easóg Eoráiseach Mustela erminea is ea an Easóg Éireannach a bhfuil saintréithe ar leith ag baint léi. Cuir i gcás, murab ionann agus an ceann Eoráiseach, ní iompaíonn sí geal sa gheimhreadh.

Tá an Easóg Éireannach an-neamhchoitianta anois, ámh, agus tá sí ar cheann de na mamaigh is mó atá i mbaol sa tír seo, a deir na taighdeoirí.

Tá na taighdeoirí ag iarraidh ar dhaoine tuairisc a sheoladh chucu má fheiceann siad Easóg Éireannach in áit ar bith sa tír, bíodh sí beo nó marbh.

Is comhthionscadal é an suirbhé uile-Éireann seo idir Iontaobhas Fiadhúlra Vincent, an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta, Ollscoil na Gaillimhe agus an tIonad do Shonraí agus Taifeadadh Comhshaoil sa Tuaisceart.

Tá an Easóg Éireannach sa tír seo le 12,500 bliain ach deir eolaithe gur beag eolas barántúil atá acu uirthi i ndáiríre.

Ní minic a fheictear í agus ní fhágann sí mórán de lorg ina diaidh.

Ina cheann sin, is léir go bhfuil sí chomh glic leis an sionnach arae seachnaíonn sí na gnáthmhodhanna monatóireachta a mbaineann eolaithe mamach leas astu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ