skip to main content

Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau le héirí as oifig

Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau
Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau

Tá sé fógartha ag Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau go bhfuil sé le héirí as oifig.

Tá baill dá pháirtí féin ag tathant ar Justin Trudeau le tamall éirí as, go háirithe ós léir go bhfuil an pobal an-mhíshásta le go leor dá pholasaithe.

Tugann na pobalbhreitheanna ar fad le fios go mbéarfaidh an freasúra bua gan bhraodar ar na Liobrálaithe sa chéad olltoghchán eile.

Is cosúil gurb iad an costas ard maireachtála agus an ganntanas tithíochta i gCeanada is mó atá ag buaireamh daoine ann.

Údar imní freisin an caidreamh a bheas ag aos polaitiúil Cheanada le Donald Trump nuair a insealbhófar é mar Uachtarán na Stát Aontaithe i gceann coicíse.

Tá Justin Trudeau ina Phríomh-Aire le breis agus naoi mbliana agus fanfaidh sé sa phost nó go dtoghfar ceannaire nua ar an bPáirtí Liobrálach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ