Is í Katie Taylor curadh éadrom-mheáchan trom an domhain gan aon amhras tar éis di bua d'aonghuth ach conspóideach a fháil ar Amanda Serrano ina n-athtroid i Texas aréir.
Fuair Taylor an ceann is fearr ar a céile comhraic as Puerto Rican den chéad uair i 2022, agus ba amhlaidh an scéal arís aréir i Staid AT&T in Arlington nuair a bhronn na breithiúna scór 95-94 uirthi as an mbabhta.
Bhreathnaigh na milliúin duine ar an troid ar fud an domhain ar chainéal sruthaithe Netflix.
Ach i ndiaidh na troda chuir Amanda Serrano agus a traenálaí i leith bhean Bhrí Chualann gur úsáid sí a cloigeann le droch ghearradh a fhágáil ar Serrano, rud a chuir srianta uirthi sna babhtaí deireanacha.
Shéan Katie Taylor an méid sin i ndiaidh na troda, rud a fhágann scór de 24-1-0 aici anois ina gairm mar dhornálaí gairmiúil.