skip to main content

'Loiceadh ar bhean faoi nár cuireadh an dlí ar Conor McGregor'

Tá Nikita Hand ag tabhairt fianaise san Ard-Chúirt inniu
Tá Nikita Hand ag tabhairt fianaise san Ard-Chúirt inniu

San Ard-Chúirt, dúirt bean 35 bliain d'aois gur ghoill sé go mór uirthi nuair a chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan an dlí a chur ar an gcomhraiceoir ealaíon measctha Conor McGregor a bhfuil sé curtha ina leith aici gur éignigh sé í.

Tá sé á mhaíomh ag an mbean, Nikita Hand, gur éignigh Conor McGregor agus fear eile í in óstán i mBaile Átha Cliath sé bliana ó shin.

Tá na líomhaintí atá déanta aici ina n-aghaidh á séanadh ag Conor McGregor agus ag an bhfear eile, James Lawrence.

Dúirt Nikita Hand sa chúirt inniu gur chreid sí gur loiceadh uirthi nuair a chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan Conor McGregor a chúiseamh.

Tugadh le fios sa chúirt gur scríobh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí litir chuig Nikita Hand inar míníodh di cén fáth nach rabhthas leis an dlí a chur ar an mbeirt fhear.

Tugadh le tuiscint sa litir úd nach raibh aon bhaint ag an gcinneadh leis an gclú a bhí ar dhuine den bheirt.

Mhaígh Nikita Hand i litir a chuir sí féin chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí roimhe sin go ndearnadh an cinneadh toisc gur dhuine aitheanta é Conor McGregor.

Tá Nikita Hand ag tabhairt fianaise sa chúirt ó mhaidin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ