San Ard Chúirt tá an giúiré curtha faoi mhionn sa chás síbhialta atá tugtha ag bean i gcoinne an trodaí Conor McGregor chomh maith le fear eile.
Chuir an breitheamh comhairle ar an bpainéal roimh an phróiseas roghnúcháin don ghiúiré agus thug léargas ar an gcás a chuirfí faoi bhráid na cúirte.
Dúirt sé go bhfuil an té atá ag déanamh an ghearáin,
Nikita Ní Laimhín, ag maíomh go ndearna McGregor ionsaí gnéis uirthi agus gur éagnaigh sé í ar an 9ú Nollaig 2018.
Tá an líomhaoin chéanna déanta ag an mbean i leith an fhir eile, James Lawrence a bhfuil seoladh aige ar Bhóthar Rafters i nDroimeanach.
Dúirt an breitheamh nach cás coiriúil a bhí anseo ach cás síbhialta i dtaca le ionsaí.
'Má bhuann an bhean an cás' a dúirt sé, beidh cúiteamh ag dul di.
Ochtar ban agus ceathrar fear atá ar an ngiúiré agus meastar go leanfaidh an triail coicís.