Tá imní ar an gCoimisiún Toghcháin faoi chruinneas agus iomláine Chlár na dToghthóirí.
Eagraíocht Stáit neamhspleách is ea an Coimisiún Toghcháin a dhéanann maoirseacht ar Chlár na dToghthóirí.
Níl aon chlár toghthóirí amháin ann, áfach, ach ina áit sin tá gach údarás áitiúil freagach as liosta vótálaithe ina cheantar féin a choimeád agus a bhainistiú.
Is iad na liostaí éagsúla seo údar na himní mar gur féidir le duine amháin a bheith ar dhá cheann acu – nó a thuilleadh – mura nuashonraítear iad.
Is minic a tharlaíonn an dúbailt seo nuair a aistríonn duine ó cheantar amháin go ceantar eile, a deir an Coimisiún Toghcháin.
Téann an scéal i gcion freisin ar na figiúirí maidir leis an gcéatadán daoine a chaith vóta i dtoghchán sna toghcheantair éagsúla.
Ina cheann sin, deir an Coimisiún Toghcháin nach bhfuil na hacmhainní céanna ag gach aon údarás áitiúil chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
Tá tuarascáil faoin bhfadhb le foilsiú ag an gCoimisiún i ndiaidh an olltoghcháin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ