skip to main content

Imní ar othair ailse faoina bhfuil i ndán don tseirbhís aeir idir Dún na nGall agus Bleá Cliath

An-imní ar sheirbhísí Eitiltí Ailse Dhún na nGall faoin bhagairt go dtiocfadh deireadh le heitiltí d'othair ailse
An-imní ar sheirbhísí Eitiltí Ailse Dhún na nGall faoin bhagairt go dtiocfadh deireadh le heitiltí d'othair ailse

Deir Seirbhísí Eitiltí Ailse Dhún na nGall go bhfuil siad idir dhá cheann na himní faoin bhagairt go dtiocfadh deireadh le heitiltí d'othair ailse idir aerfort Dhún na nGall agus aerfort Átha Cliath.

Aréir, dúirt an comhlacht Emerald Airlines a chuireann an eitilt seo ar fáil, go gcaithfeadh siad breathnú ar an tseirbhís is lú a bhfuil airgead le déanamh aisti, má tá siad le cloí le uasteorainn paisinéirí atá curtha ar aerfort Átha Cliath.

Dúirt Máire Mhic Giolla Chomhaill ó Ionad Phádraig i nGaoth Dobhair, a riarann na heitiltí ailse, gur cúis mhór imní atá anseo don 450 othar agus a ngaolta a bhaineann leas as an tseirbhís.

Seachtain is an lá inné a d'fhógair Údarás Eitlíochta na hÉireann uasteorainn 25 milliún paisinéir a chur ar aerfort Átha Cliath, an samhradh seo chugainn.

Dúirt Conor McCarthy, príomhfheidhmeannach Emerald Airlines ar theilifís RTÉ aréir go mbíonn ar aerlíne díriú ar an tseirbhís is lú a bhfuil airgead le déanamh aisti nuair a chuirtear brú orthu laghdú 5% a dhéanamh ar líon a gcuid paisinéirí.

Dúirt sé go neamhbhalbh go mbeadh tionchar diúltach ag seo ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil idir Baile Átha Cliath agus aerfort Dhún na nGall.

Ar RTÉ aréir, chuir McCarthy i leith an Aire Iompair, Eamon Ryan ón Chomhaontas Glas nár léirigh an comhrialtas seo suim ar bith i gcúrsaí aerthaistil, ach tá seo séanta ag an leascheannaire an pháirtí Róisín Garvey.

Dúirt sise inniu go bhfuil easpa cothromaíochta réigiúnach in aerthaisteal sa tír seo ach mar iarracht le sin a leigheas, go bhfuil €124m tugtha ag an Aire Iompair, Eamon Ryan, do aerfoirt réigiúnacha le 4 bliana anuas.

Tá an aerlíne Emerald Airlines ag cur seirbhís oibleagáide phoiblí ar fáil do Aer Lingus idir aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath ó mhí Feabhra 2022, ach níl cinnteacht ann anois go leanfaidh siad leis an bhliain breise atá ar fáil dóibh ón dáta céanna an bhliain seo chugainn.

Le linn plé sa Dáil inniu ar an uasteorainn paisinéirí ag aerfort Átha Cliath, d'iarr an Teachta Michael Lowry as Tiobraid Árann go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta ag aerfoirt réigiúnacha leis an fharasbar paisinéirí a scaipeadh.