skip to main content

Tá sé tugtha le fios ag an iar-sheanadóir Niall Ó Donnghaile, gurb eisean, an ball do Shinn Féin a sheol teachtaireachtaí míchuí

Deir Niall Ó Donnghaile gur sheol sé teachtaireachtaí míchuí go déagóir
Deir Niall Ó Donnghaile gur sheol sé teachtaireachtaí míchuí go déagóir

Tá sé tugtha le fios ag an iar-sheanadóir Niall Ó Donnghaile, gurb eisean, an ball do Shinn Féin a sheol teachtaireachtaí míchuí go déagóir.

I ráiteas a éisíodh don Nuachtán, The Irish News, dúirt Niall Ó Donnghaile gur ghlac sé leis go raibh air éirí as a ról mar sheanadóir agus mar bhall den bpáirtí mar gheall ar a chuid iompair.

Dúirt sé go dtabharfadh an t-am seo spás do chun díríú ar feabhas a chur ar a chuid sláinte agus meabhairshláinte, fadhbanna atá ag cur isteach air ó lár na bliana 2021, a dúirt Ó Donnghaile.

D'éirigh an t-Iar Sheanadóir as i Mí na Nollag anuraidh ar chúiseanna sláinte agus dúirt sé go bhfuil an-aiféala air más rud é go raibh an té a fuair na teachtaireachtaí míchuí uaidh, suaite dá bharr.

Dúirt sé go bhfuil sé fhéin náirithe mar gheall ar gach a tharla agus gur tharraing sé náire ar a theaghlach, ar a chuid cairde agus iar-chomghleacaithe agus nach raibh sé i gceist aige riamh, é sin a dhéanamh.

Dúirt Ó Donnghaile gur chuir sé é fhéin ar fáil don PSNI agus nach raibh aon duine ó na poilíní i dTuaisceart Éireann i dteagmháil leis riamh faoin scéal. Dheimhnigh an PSNI nach raibh aon choir i gceist.

Dúirt Niall Ó Donnghaile nach mbeidh aon ráiteas eile á dhéanamh aige maidir leis an ábhar.

Tráthnóna sa Dáil, d'ainmnigh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, Niall Ó Donnghaile mar an té a sheol teachtaireachtaí go dtí buachaill óg 17 bliain d'aois a bhí ina bhall do Shinn Féin.

Dúirt sí go raibh an fear óg ag iarraidh go stopfadh Ó Donnghaile ag seoladh teachtaireachtaí chuige agus ní raibh sé ag iarraidh go mbeadh a thuilleadh teagmhála eatarthu.

Niall Ó Donnghaile

Dúirt ceannaire Shinn Féin gur cuireadh an páirtí ar an eolas go bhfuair duine eile teachtaireachtaí míchuí ó Niall Ó Donnghaile chomh maith. Dúradh gur duine fásta a bhí sa té sin. Dúradh gur meabhraíodh a chuid cearta do, sé sin go raibh sé in ann gearán a dhéanamh dá mba mhaith leis, ach dúradh gur bheartaigh sé gan é sin a dhéanamh.

Dúirt ceannaire Shinn Féin gur cuireadh Ó Donnghaile ar fionraí ón bpáirtí agus gur cuireadh an t-ábhar faoi bhráid an PSNI.

Dúirt Mary Lou McDonald gur thug an PSNI le fios gur bunaíodh comh-fhiosrúchán leis na Seirbhísí Sóisialta ach nár lean aon fhiosrúchán oifigiúil ina dhiaidh sin.

Dúradh gur thug an PSNI le fios go raibh an duine óg sásta le cur chuige an pháirtí i leith an ábhair.

Tá sé deimhnithe ag CLG Laochra Loch Lao go bhfuil Niall Ó Donnghaile éirithe as mar uachtarán oinigh ar an gcumann.

Tá sé curtha i leith Shinn Féin ag an Tánaiste Micheál Martin gur theip orthu an fhírinne a insint agus gur ndearna siad iarracht rudaí a cheilt.

Dúirt sé go n-ardaíonn an scéal is déanaí maidir le Niall Ó Donnghaile ceisteanna suntasacha maidir le cúrsaí rialachais i Sinn Féin.