skip to main content

Éileamh déanta ar an gCoimisiún Eorpach, cosc a chur ar An Iorua, a bheith ag iascach i bhfarraigí na hÉireann

Tá éileamh déanta ag lucht iascaireachta in Éirinn ar an gCoimisiún Eorpach, cosc a chur ar An Iorua, a bheith ag iascach i bhfarraigí na hÉireann mar gheall ar an laghdú ollmhór, ar an stoc ronnach.

Deir Cumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann gur mar gheall ar an ró-iascaireacht atá ar bun ag An Iorua, go bhfuil sé i gceist laghdú 22% a dhéanamh ar an gcuóta ronnach san Aontas Eorpach an bhliain seo chugainn, buille tubaisteach d'earnáil iascaireachta na hÉireann, a deir siad.

Deirtear go mbeadh lucht iascaigh na hÉireann siar €10m an bhliain seo chugainn, mar gheall ar seo agus go bhfuil inmharthanacht chabhlach iascaireachta ronnach na hÉireann chomh maith leis an earnáil próiseála éisc i mbaol.