Bhailigh na céadta duine ó earnáil an fháilteachais, na turasóireachta, miondíola agus cúraim leanaí chomh maith le húinéirí gnó le chéile i mBaile Átha Cliath inniu agus iad i mbun agóidíochta maidir le costaisí arda agus easpa cúnaimh ón Rialtas.
Bhailigh an lucht agóidíochta le chéile in aice le Cearnóg Mhuirfean agus mháirseáil siad thar fhoirgnimh an Rialtais agus thar an Roinn Airgeadais go dtí Teach Laighean.
Thaisteal lucht gnó agus oibrithe éagsúla ó ar fud na tíre go Baile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh san agóid.
Níos luaithe,dúirt an Tánaiste Micheál Martin go gcaithfidh an Rialtas breathnú ar an mbonn costais dóibh siúd atá ag obair in earnáil an fháilteachais.
Dúirt sé go dtuigeann sé an brú atá ar ghnólachtaí beaga in earnáil an fháilteachtais agus miondíola, go háirithe i bhfianaise an ardaithe atá tagtha ar an íosphá náisiúnta le blianta beag anuas agus ardú ar chostaisí fuinnimh.
Deir an lucht agóidíochta nár tugadh tacaíocht cheart dóibh sa Bhuiséad a fógraíodh an mhí seo.