skip to main content

Fanfaidh coimeádaithe síochána i ndeisceart na Liobáine, a deir na Náisiúin Aontaithe, in ainneoin achainí Iosrael

Fanfaidh coimeádaithe síochána i ndeisceart na Liobáine, a deir na Náisiúin Aontaithe
Fanfaidh coimeádaithe síochána i ndeisceart na Liobáine, a deir na Náisiúin Aontaithe

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfanfaidh a gcuid coimeádaithe síochána i ndeisceart na Liobáine, in ainneoin go bhfuil iarrtha ag Iosrael go mbógfaí na fórsaí amach as ceantair ina bhfuil trodaíocht ar bun i ndeisceart na Liobáine.

Tá sé ráite acu go bhfanfaidh lucht choiméadaithe síochána UNIFIL ar dualgas i ndeisceart na Liobáine in ainneoin é a bheith iarrtha ag Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu orthu an ceantar a fhágáil ar an bpointe.

Idir an dá linn, tá an bombardú ag leanúint ar aghaidh i Stráice Ghaza agus ochtar ar a laghad tar éis bháis in ionsaí a rinne Iosrael ar chathair Ghaza ar maidin.

Deir Aireacht Sláinte Hamas gur maraíodh 55 duine i nGaza le 24 uair an chloig anuas.

Deir na Náisiún Aontaithe go bhfuil 400,000 duine sáinithe i dtuaisceart an Stráice mar gheall ar an bhfeachtas míleata atá ar bun ann.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil an cás i dtuaisceart Ghaza go hainnis agus soláthairtí foirithinte tugtha isteach sa cheantar acu inniu, don chéad uair le coicís anuas.