Deir an charthanacht ALONE, gur ghlaoigh daoine aosta ar líne chabhrach na carthanachta anuraidh, den chuid is mó, toisc iad a bheith uaigneach.
De réir na tuarascála is déanaí ón gcarthanacht, thacaigh ALONE le 38,000 duine i 2023, ardú ó 22,000 i 2022.
Ní raibh aon duine ag tabhairt cuairte ar aon trian de na daoine a bhí uaigneach agus dúirt 9% dóibh nach raibh siad taobh amuigh den teach go sóisialta le hos cionn bliana.
Bhí tionchar suntasach ag praghsanna fuinnimh a chuaigh in airde ar sheandaoine le linn 2023 agus fadhbanna ag 38% lena gcuid billí leictreachais anuraidh, a deir ALONE.
Dúirt 30% do dhaoine aosta, go raibh fadhbanna airgeadais nó dlí acu agus tháinig ardú 198% ar an gcabhair a thug an charthanacht sna cásanna sin.
Tháinig ardú mór, 122% ar an gcabhair a tugadh do dhaoine críonna maidir lena gcuid meabhairshláinte agus a gcuid sláinte mhothúchánach.
San iomlán, tháinig ardú 50% ar an méid tacaíochta a thug an charthanacht ALONE do sheandaoine anuraidh.
Tá 7,000 oibrí deonach ag obair le ALONE ar fud na tíre.